Comhghaolú Teagmhas Fíor-ama
Leis an inneall comhghaolaithe cumhachtach atá ag EventLog Analyzer, aithnítear sainphatrúin ionsaithe sna logaí ar shlí éifeachtach. Sa mhodúl comhghaolaithe atá aige, tá 20+ riail chomhghaolaithe réamhshainithe a chabhraíonn chun bagairtí féideartha a bhrath, agus deis le rialacha a cheapadh ar furasta í a úsáid agus ina bhfuil liosta dearfa gníomhaíochtaí líonra ar féidir leat a tharraingt agus scaoileadh leo i cibé ord is mian leat.
Chomh maith leis sin, soláthraíonn EventLog Analyzer tuairiscí mionsonraithe i leith gach patrúin ionsaithe, tuairisc ina ndéantar forbhreathnú ar gach ionsaí a aimsíodh, agus amlíne ina léirítear ord cróineolaíoch na logaí i leith gach patrúin ionsaithe a aithníodh.
Tuairiscí Comhlíontachta
Le EventLog Analyzer, is féidir leat tuairiscí comhlíontachta réamhshainithe a ghiniúint, cosúil le PCI DSS, FISMA, GLBA, SOX, HIPAA, ISO 27001, GDPR etc., trí mhonatóireacht fíor-ama a dhéanamh ar na sonraí líonra.Is réiteach é a chuidíonn le heagraíochtaí sonraí logaí a choinneáil ar feadh tréimhse ama saincheaptha. Ach sonraí logaí a chur i gcartlann ar feadh tréimhse ama solúbtha, is féidir le riarthóirí anailís fhóiréinseach a dhéanamh agus riachtanais iniúchta a chomhlíonadh.
Bailiú Uilíoch Logaí
Bailíonn EventLog Analyzer logaí ó fhoinsí ilchineálacha lena n-áirítear freastalaithe agus stáisiúin oibre Windows, córais Linux agus Unix, gléasanna líonra, feidhmchláir, réitigh faisnéise i gcoinne bagairtí, agus scanóirí leochaileachta. Ina theannta sin, leis an bparsálaí loga saincheaptha atá ag EventLog Analyzer, baintear brí as sonraí loga ar bith beag beann ar an bhfoinse agus ar fhormáid an loga.