Support
 
Support Get Quote
 
 
 
 

 

Bogearraí um Chomhlíontacht TF agus Bainistíocht Logaí do SIEM

Réiteach cuimsitheach i leith bainistíocht faisnéise slándála agus teagmhas (SIEM) is ea an táirge EventLog Analyzer de chuid ManageEngine lenar féidir uathoibriú a dhéanamh ar bhainistíocht logaí, bailiú logaí, anailís, comhghaolú teagmhas, monatóireacht ar shláine comhad, cuardach logaí agus ar chartlanna, chun riachtanais chomhlíontachta agus riachtanais SIEM a bhainistiú ó aon chonsól amháin.

Cuidíonn EventLog Analyzer le riarthóirí slándála sna réimsí seo a leanas:

  • Comhghaolú Teagmhas Fíor-ama

    Leis an inneall comhghaolaithe cumhachtach atá ag EventLog Analyzer, aithnítear sainphatrúin ionsaithe sna logaí ar shlí éifeachtach. Sa mhodúl comhghaolaithe atá aige, tá 20+ riail chomhghaolaithe réamhshainithe a chabhraíonn chun bagairtí féideartha a bhrath, agus deis le rialacha a cheapadh ar furasta í a úsáid agus ina bhfuil liosta dearfa gníomhaíochtaí líonra ar féidir leat a tharraingt agus scaoileadh leo i cibé ord is mian leat.

    Chomh maith leis sin, soláthraíonn EventLog Analyzer tuairiscí mionsonraithe i leith gach patrúin ionsaithe, tuairisc ina ndéantar forbhreathnú ar gach ionsaí a aimsíodh, agus amlíne ina léirítear ord cróineolaíoch na logaí i leith gach patrúin ionsaithe a aithníodh.

    Tuairiscí Comhlíontachta

    Le EventLog Analyzer, is féidir leat tuairiscí comhlíontachta réamhshainithe a ghiniúint, cosúil le PCI DSS, FISMA, GLBA, SOX, HIPAA, ISO 27001, GDPR etc., trí mhonatóireacht fíor-ama a dhéanamh ar na sonraí líonra.Is réiteach é a chuidíonn le heagraíochtaí sonraí logaí a choinneáil ar feadh tréimhse ama saincheaptha. Ach sonraí logaí a chur i gcartlann ar feadh tréimhse ama solúbtha, is féidir le riarthóirí anailís fhóiréinseach a dhéanamh agus riachtanais iniúchta a chomhlíonadh.

    Bailiú Uilíoch Logaí

    Bailíonn EventLog Analyzer logaí ó fhoinsí ilchineálacha lena n-áirítear freastalaithe agus stáisiúin oibre Windows, córais Linux agus Unix, gléasanna líonra, feidhmchláir, réitigh faisnéise i gcoinne bagairtí, agus scanóirí leochaileachta. Ina theannta sin, leis an bparsálaí loga saincheaptha atá ag EventLog Analyzer, baintear brí as sonraí loga ar bith beag beann ar an bhfoinse agus ar fhormáid an loga.

  • Monatóireacht ar Shláine Comhad

    Rianaíonn EventLog Analyzer gach athrú agus seolann sé foláirimh fíor-ama nuair a dhéantar comhaid agus fillteáin a chruthú, a rochtain, a scriosadh, a athrú, a athainmniú agus nuair a fhéachtar orthu. Is féidir leat tuairisc iomlán iniúchta a fháil ina bhfreagrófar na ceisteanna 'cé, cén uair, cén áit agus cén rud' maidir leis na hathruithe go léir a rinneadh ar chomhaid agus ar fhillteáin.

    Fóiréinsic Logaí

    Déantar na logaí a bailíodh a uathchriptiú, cuirtear stampa ama leo, agus cuirtear i gcartlann iad i stór lárnach. Is féidir leat EventLog Analyzer a úsáid chun dul síos chomh fada leis na sonraí amha loga agus anailís bhunchúise a dhéanamh lena fháil amach cén iontráil loga go díreach ba chúis le teagmhais slándála.

    Foláirimh Fíor-ama

    Tá 500+ foláireamh réamhshainithe ag EventLog Analyzer as ar féidir leat do rogha a dhéanamh, rud a chuirfidh le héifeachtúlacht oibríochtúil toisc nach gá próifílí foláirimh a shocrú a thuilleadh. Is féidir leat foláirimh SMS agus ríomhphoist fíor-ama a fháil nuair a bhíonn aimhrialtacht sa líonra. Ina theannta sin, mar chuid den sásra foláirimh déantar script shaincheaptha a rith nuair a chuirtear foláireamh faoi deara.

EventLog Analyzer Trusted By

Los Alamos National Bank Michigan State University
Panasonic Comcast
Oklahoma State University IBM
Accenture Bank of America
Infosys
Ernst Young

Customer Speaks

  • Credit Union of Denver has been using EventLog Analyzer for more than four years for our internal user activity monitoring. EventLog Analyzer provides great value as a network forensic tool and for regulatory due diligence. This product can rapidly be scaled to meet our dynamic business needs.
    Benjamin Shumaker
    Vice President of IT / ISO
    Credit Union of Denver
  • The best thing, I like about the application, is the well structured GUI and the automated reports. This is a great help for network engineers to monitor all the devices in a single dashboard. The canned reports are a clever piece of work.
    Joseph Graziano, MCSE CCA VCP
    Senior Network Engineer
    Citadel
  • EventLog Analyzer has been a good event log reporting and alerting solution for our information technology needs. It minimizes the amount of time we spent on filtering through event logs and provides almost near real-time notification of administratively defined alerts.
    Joseph E. Veretto
    Operations Review Specialist
    Office of Information System
    Florida Department of Transportation
  • Windows Event logs and device Syslogs are a real time synopsis of what is happening on a computer or network. EventLog Analyzer is an economical, functional and easy-to-utilize tool that allows me to know what is going on in the network by pushing alerts and reports, both in real time and scheduled. It is a premium software Intrusion Detection System application.
    Jim Lloyd
    Information Systems Manager
    First Mountain Bank

Awards and Recognitions

  •  
  •  
  •  
  •  
  •  
  •  
  •  
  •  
  •