Tógtha go sainiúil d'éiceachórais Microsoft.

Is réiteach gréasáin é ADManager Plus i gcomhair gach riachtanas bainistíochta a bhaineann le AD, Office 365, Exchange, G Suite, agus Skype for Business/Lync. Fágann sé go mbíonn cúraimí rialta níos simplí, ar nós soláthar a dhéanamh d'úsáideoirí, cuntais dhíomhaoine a ghlanadh, agus NTFS agus ceadanna comhroinnte a bhainistiú. Thairis sin, gineann sé níos mó ná 150 tuairisc réamhphacáistithe, lena n-áirítear tuairiscí ar chuntais úsáideoirí AD atá neamhghníomhach nó atá glasáilte amach, ar cheadúnais Office 365, agus ar an am deiridh a logáil úsáideoirí isteach, agus tá roghanna ar fáil ann chun feidhmeanna bainistíochta a dhéanamh díreach ó na tuairiscí sin. San áireamh ann tá struchtúr sreafa oibre saincheaptha maidir le córas ticéad agus comhlíonadh, agus déanann sé uathoibriú ar chúraimí rialta AD ar nós soláthar a dhéanamh d'úsáideoirí agus dísholáthar a dhéanamh dóibh.Tá aipeanna móibíleacha i gcomhair iOS agus Android ar fáil freisin i gcomhair ADManager Plus.

  • Bainistíocht Active Directory
  • Is furasta Active Directory (AD) a bhainistiú le gnéithe saincheaptha chun tabhairt faoi chúraimí rialta ar nós cuntais úsáideoirí a chruthú in AD, Office 365, Exchange, G Suite agus Skype for Business/Lync in aon iarraidh amháin; cuntais úsáideoirí, grúpaí slándála agus seachadta, teagmhálaithe agus ríomhairí a athrú. De bharr go bhfuil teimpléid ar fáil ar féidir iad a shaincheapadh agus a fhreagraíonn do riachtanais i leith cuntais a sholáthar agus a dhísholáthar gur oibríochtaí tapa aon-chéime iad cruthú agus athrú cuntas AD, ní hionann agus uirlisí místuama Microsoft ar nós ADUC agus PowerShell.
  • Tuairisciú ó Active Directory
  • Cuimsítear sa leabharlann tuairiscí atá in ADManager Plus breis agus 150 tuairisc a chuireann faisnéis mhionsonraithe ar fáil faoi gach gné de AD d'aon chlic amháin ar an luch. Bailíonn siad sonraí ríthábhachtacha ar nós úsáideoirí neamhghníomhacha, úsáideoirí a bhfuil a bpasfhocail éagtha nó úsáideoirí atá díchumasaithe, fíor-am logála isteach úsáideoirí, grúpaí liostaí seachadta agus grúpaí slándála agus a mbaill, tuairiscí faoi NTFS agus ceadanna comhroinnte, agus tuairiscí faoi chomhlíonadh (SOX, HIPAA, PCI, etc.). Tá sceidealóir tuairiscí ann freisin chun na tuairiscí atá ag teastáil a ghiniúint agus a sheoladh ar an ríomhphost chuig gach páirtí leasmhar ag an am sonraithe.
  • Bainistiú agus Tuairisciú Office 365
  • Le ADManager Plus, is féidir le riarthóirí bainistiú agus tuairisciú a dhéanamh ar a mbogearraí néil Office 365 agus ar AD ar an áitreabh ó aon chonsól amháin, gan stró ar bith. Cuireann sé ar a gcumas dóibh cuntais Office 365 a chruthú an tráth a bhfuil a gcuid cuntas AD á gcruthú, cuntais Office 365 a chruthú do dhaoine a úsáideann AD cheana, ceadúnais a shannadh nó a aisghairm ar an mórchóir, boscaí poist de chuid úsáideoirí Exchange Online a bhainistiú, agus bainistiú a dhéanamh freisin ar bhoscaí poist comhroinnte, boscaí seomraí cruinnithe, boscaí fearais, boscaí nasctha, agus tuilleadh fós.
  • Tá leabharlann tuairiscí Office 365 ar fáil ann chomh maith lena n-áirítear tuairiscí ar gach úsáideoir, úsáideoirí neamhghníomhacha, úsáideoirí nár logáil isteach riamh agus úsáideoirí atá cumasaithe i leith ActiveSync, úsáideoirí ceadúnaithe agus úsáideoirí neamhcheadúnaithe, sonraí ceadúnais, grúpaí seachadta agus grúpaí slándála agus a mbaill, agus boscaí ríomhphoist comhroinnte. Is féidir na tuairiscí sin go léir a uathghiniúint freisin agus iad a sheoladh ar an ríomhphost chuig úsáideoirí éagsúla i bhformáidí éagsúla cosúil le CSV, PDF, HTML agus Excel.
  • Bainistiú agus Tuairisciú G Suite
  • Cuidíonn ADManager Plus le riarthóirí cuntais úsáideora a chruthú in G Suite freisin, an tráth ceann le cruthú na gcuntas in AD. Is féidir é a úsáid chun úsáideoirí a chruthú in G Suite, astu féin, ar an mórchóir trí chomhad CSV a iompórtáil, agus fiú go huathoibríoch. Tá tuairiscí ar fáil ann freisin chun sonraí a fháil faoi gach duine a úsáideann G Suite, úsáideoirí gníomhacha agus úsáideoirí atá curtha ar fionraí. Is féidir na tuairiscí sin a uathghiniúint ag am sonraithe leis an sceidealóir tuairiscí.
  • Sreabhadh oibre Active Directory ar bhonn ceadaithe
  • Cuidíonn sreabhadh oibre le riarthóirí cur i bhfeidhm na dtascanna AD a shruthlíniú. Leis an sreabhadh oibre il-leibhéil, cuirtear ar a gcumas do na riarthóirí céimeanna difriúla a shocrú, cosúil le hiarraidh, athbhreithniú, ceadú agus rith, i gcás oibríochtaí AD. Trí chaighdeánú a dhéanamh ar an bpróiseas faoina ndéantar tascanna Ad, cuidíonn an sreabhadh oibre le riarthóirí a chinntiú gan stró go bhfuil na caighdeáin TF éigeantacha agus beartais na heagraíochta á gcomhlíonadh. Tá feidhm ar fáil ann chun tascanna a shannadh agus a fhógairt, rud a ligeann do riarthóirí rialacha a shocrú chun iarrataí a shannadh go huathoibríoch do theicneoirí cuí, agus fógraí ríomhphoist maidir le stádas iarrataí AD a sheoladh chuig na páirtithe leasmhara uile. Ina theannta sin, cuidíonn an sreabhadh oibre le riarthóirí córas bainistíochta AD atá bunaithe ar thicéid a chur ar bun.
  • Uathoibriú Active Directory
  • Is féidir le riarthóirí aon tasc neamhspleách AD a uathoibriú, mar shampla pasfhocail a athshocrú, nó cuntais a chumasú, a dhíchumasú agus a dhíghlasáil, ceadúnais Office 365 a bhainistiú, nó fiú gnáthamh AD iomlán a bhfuil sraith tascanna i gceist leis, lena rith ag eatraimh shonraithe, mar shampla glantachán AD lena n-áirítear úsáideoirí neamhghníomhacha a aimsiú, iad a dhíchumasú, iad a aistriú chuig aonad eagraíochta ar leithligh, agus iad a scriosadh. Chomh maith le rith gan earráidí, cabhraíonn uathoibriú ADManager Plus leat am agus stró a shábháil.
  • Bainistiú agus Tuairisciú Skype for Business/Lync
  • Chomh maith le AD, is féidir le riarthóirí freisin bainistiú agus tuairisciú a dhéanamh ar a dtimpeallacht Skype for Business/Lync le ADManager Plus. Cuireann sé ar a gcumas do na riarthóirí cuntais úsáideora a chruthú in Skype for Business/Lync/LCS/OCS, astu féin nó ar an mórchóir, an tráth céanna a bhfuil cuntais úsáideora á gcruth in AD. Ina theannta sin, is féidir le riarthóirí leas a bhaint as chun cuntais úsáideora a chumasú, a dhíchumasú nó a scriosadh, agus na beartais atá sannta d'úsáideoirí ina dtimpeallacht Skype for Business/Lync/LCS/OCS a shannadh, a athshannadh nó a scriosadh. Tá tuairiscí réamhchumraithe ar fáil in ADManager Plus chun cabhrú leat rianú a dhéanamh ar úsáideoirí atá cumasaithe nó díchumasaithe i leith Skype for Business/Lync/LCS/OCS san eagraíocht.
  • Comhtháthaithe
  • Chun bainistíocht AD a shimpliú, is féidir ADManager Plus a chomhtháthú le feidhmchláir deisce cabhrach cosúil le ServiceDesk Plus, ServiceNow agus Zendesk chun éascú do bhainistiú na gcuntas úsáideora AD díreach ón uirlis deisce cabhrach, is féidir é a chomhtháthú le bunachair sonraí cosúil le Oracle agus MS SQL chun cuntais úsáideora a uathchruthú in AD chomh luath is a chuirfear taifead úsáideora nua leis an mbunachar sonraí, agus is féidir é a chomhtháthú le feidhmchláir SIEM.
  • Tarmligean chuig an Deasc Chabhrach le Active Directory
  • Le feidhm tharmligthe shlán ADManager Plus, atá bunaithe ar ról agus ar an aonad eagraíochta, is féidir le riarthóirí tascanna AD a tharmligean go sábháilte chun cabhrú le teicneoirí deisce, le húsáideoirí lasmuigh den rannóg TF nó fiú le húsáideoirí nach bhfuil mórán cur amach ar an teicneolaíocht acu. Le rochtain phróifílbhunaithe ar ghnéithe bainistíochta AD, cinntíonn sé nach ndéanann teicneoirí ach na tascanna a tarmligeadh dóibh, sna haonaid eagraíochta a sonraíodh, rud a fhágann go mbíonn an tarmligean sin slán sábháilte. Ní gá do riarthóirí a thuilleadh a gcuid ama a chur amú le tascanna leadránacha nó tascanna nach mór dóibh a dhéanamh arís is arís, ar nós pasfhocail a athshocrú agus cuntais a dhíghlasáil. Ina theannta sin, toisc go bhfuil tuairiscí iniúchta faoin obair na deisce cabhrach ina gcuid den chóras, is furasta rian iniúchta a dhéanamh ar na gníomhartha go léir a dhéanann teicneoirí na deisce cabhrach.
  • Bainistiú agus Tuairisciú i leith Microsoft Exchange Server
  • Cuidíonn ADManager Plus le riarthóirí bainistiú a dhéanamh ar leaganacha éagsúla dá dtimpeallachtaí Exchange (Exchange 2003, 2007, 2010, 2013 agus Exchange Online) agus spárálann sé trioblóid orthu toisc nach gá dóibh scoránú idir consóil agus uirlisí éagsúla lena gcuid timpeallachtaí AD agus Exchange a bhainistiú. Is féidir le riarthóirí tascanna bainistíochta Exchange a dhéanamh cosúil le boscaí poist a chruthú, a athrú, agus a aistriú, cearta boscaí poist a bhainistiú, beartais Exchange etc. a shannadh nó a aisghairm do scata úsáideoirí agus grúpaí, grúpaí dinimiciúla seachadta (dáileacháin) a chruthú agus a bhainistiú, i measc eile. Is féidir tascanna a bhaineann go sonracha le Exchange a tharmligean chuig teicneoirí deisce cabhrach freisin.
  • Le tuairiscí a bhaineann go sonrach le Exchange Server, a bhfuil fáil orthu ar an bpointe boise, fágann ADManager Plus gur féidir tuairiscí Exchange a eisiúint gan stró, díreach ón gcomhéadan úsáideora. Áirítear i leabharlann tuairiscí Exchange tuairiscí ar úsáideoirí a bhfuil bosca poist acu, liostaí seachadta agus a mbaill, grúpaí a bhfuil cumas ríomhphoist acu, úsáideoirí atá cumasaithe nó díchumasaithe i leith OMA/OWA/ActiveSync, i measc eile. Is féidir na tuairiscí sin go léir a uathghiniúint freisin agus iad a sheoladh ar an ríomhphost chuig úsáideoirí éagsúla i bhformáidí éagsúla cosúil le XLS, PDF, HTML agus CSV.
  • Aipeanna móibíleacha i gcomhair iOS agus Android
  • Tá aipeanna móibíleacha iOS agus Android ag gabháil le ADManager Plus chun cabhrú le riarthóirí agus teicneoirí AD cuntais úsáideora AD a chruthú, pasfhocail úsáideoirí a athshocrú, cuntais úsáideora agus ríomhaire a chumasú, a dhíchumasú agus a scriosadh, agus ríomhairí a athshocrú, is cuma cá bhfuil siad, fiú agus iad ar an mbóthar.
  • Toisc go bhfuil an oiread gnéithe ag ADManager Plus chun timpeallachtaí Active Directory, Office 365, Exchange, G Suite, agus Skype for Business/Lync a bhainistiú agus tuairisciú ina leith, bíonn riarthóirí ar fud an domhain ag brath go mór air i gcónaí, in eagraíochtaí idir bheag agus mhór, bíodh struchtúr ingearach nó cothrománach acu!

ADManager Plus Trusted By